Ceardlann Cheol Mhaigh Eo

Dátá:  Domhnaigh 4 Feabhra 2024.
Ionad: Newport National School.
Clárú: 
12.45pm
Ceardlann: 1pm - 2.30pm.
Mar chuid d’Fhéile Sheáin Mhic Pháidín, tá lúcháir orainn ardcheardlann cheoil a chur ar fáil faoi stiúir Emer Mayock (Ceol Mhaigh Eo) agus Julie Langan, a rugadh i mBaile Uí Fhiacháin. Bígí i dteannta na gceoltóirí aitheanta seo agus iad ag iniúchadh Chnuasach Cheol Mhaigh Eo ( www.musicofmayo.ie ) - ceol a bhaineann le ceoltóirí as an gcontae, foinn a bhfuil ceangal acu le logainmneacha Mhaigh Eo, agus poirt atá cumtha ag ceoltóirí Mhaigh Eo, sa bhreis orthu siúd a bailíodh sa réigiún thar na cianta. Díreofar aird ar leith ar cheol Sheáin Mhic Pháidín mar chuid den cheardlann seo, agus leagfar béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le bheith ag foghlaim de chluas agus an traidisiún béil a chur chun cinn.