Amhránaíocht Bailéad Béarla

Dátá:  Domhnaigh 4 Feabhra 2024.
Ionad: Newport National School.
Clárú:
1.45am
Ceardlann: 2pm - 3pm.

Paddy Joe Tighe

Is as sráidbhaile Ard-doire i bparóiste Achadh Mór, Co. Mhaigh Eo do Paddy Joe, ach tá sé ina chónaí anois i mBéal Átha hAmhnais. Seinneann sé an bosca ceoil, an fheadóg stáin, agus bíonn sé ag canadh agus ag portaireacht béil chomh maith. Tá traidisiún an cheoil sa dúchas ag Paddy Joe, mar bhí neart ceoil sa teaghlach agus sa cheantar inar tógadh é. Sheinn a mháthair Kate an bosca ceoil. Toisc a ghrá don cheol agus a spiorad lách, is iomaí cairdeas ceoil a bhí ag Paddy Joe le daoine sa phobal lonnaithe agus sa lucht siúil, lena n-áirítear Pecker Dunne & Margaret Barry. Roinneann sé cuimhní cinn mionsonraithe idir na poirt a sheinneann sé ar an mbosca ceoil agus ar an bhfeadóg stáin, agus na hamhráin a chanann sé, agus léiríonn an cur i láthair sin an oidhreacht shaibhir uathúil stíle & stór ceoil atá ag Paddy Joe, agus an cur chuige tuisceanach atá aige ar áit an cheoil ina shaol. Níl deireadh ar bith lena stór amhrán agus tá amhrán aige do nach mór gach ócáid.