Giotár

Dátá: Dé Sathairn 3 Feabhra 2024.
Ionad: Newport National School.
Clárú: 9.30am
Ceardlann: 10am - 1pm.

Caoilte Ó Cuanaigh

Is ceoltóir óg as Acaill, Co. Mhaigh Eo é Caoilte. Seinneann sé an giotár, an maindilín, agus an phíb uilleann, i measc uirlisí eile. Bhí Caoilte tumtha i saol an cheoil thraidisiúnta trí na seisiúin a reáchtáladh timpeall Mhaigh Eo agus é ina leaid óg, agus bhunaigh sé an grúpa ceoil traidisiúnta  ‘Siar’ le ceoltóirí as Acaill agus as Baile Uí Fhiacháin in 2017. Leis an ngrúpa Siar, sheinn sé sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath agus in Amharclann Tron i nGlaschú.  Agus meantóireacht faighte aige óna athair Steve Cooney, tá stíl uathúil seinnte ar an ngiotár forbartha ag Caoilte, a chuireann béim ar rithim agus ar thionlacan séiseach. Tá ceol seinnte aige le Martin Hayes, Dermot Byrne, agus le Stockton’s Wing, i measc go leor eile. Tá Caoilte ag déanamh staidéir ar Cheol Pobail i Scoil Cheoil Chorcaí faoi láthair.