Bodhrán

Dátá: Dé Sathairn 3 Feabhra 2024.
Ionad: Newport National School.
Clárú: 9.30am
Ceardlann: 10am - 1pm.

Pat Gaughan

Rugadh Pat i gContae Mhaigh Eo i mBéal Easa. Seinneann sé an bodhrán agus an bainseó. Agus  é ag fás aníos bhí ceol agus ceoltóirí i gcónaí thart timpeall air. Thosaigh sé ag seinm ar an bhfeadóg stáin le Martin Donoghue. Ina dhiaidh sin chuaigh sé ar aghaidh chuig an maindilín, an bainseó agus an bodhrán le clann Uí Mhurchú. Mhúin Pat an bodhrán ag scoil samhraidh Scoil Acla agus tá seithe an ghabhair buailte aige ar fud na hÉireann.