Amhránaíocht ar a Sean-Nós

Dátá:  Domhnaigh 4 Feabhra 2024.
Ionad: Newport National School.
Clárú: 11.45am
Ceardlann: 12pm - 1pm.

Síle Uí Mhongain

Rugadh agus tógadh Síle i Sraith Ghreadaigh  ar bhruach na hAibhne Móire i gceantar Iorrais i gCo Mhaigh Eo.Is leis an múinteoireacht a chaith sí a saol oibre agus ba Príomhoide scoile í a mhúin i  Scoil Náisiúnta Dhumha Thuama.
Ta suim faoi leith aici san amhránaíocht ar an seannós go mórmhór na hamhráin ó Iorrais agus an stíl áitiúil amhránaíochta.
Is iomaí ceardlann amhránaíochta a thug sí síos tríd na blianta ag Scoileanna Samhraidh, ina measc ‘Joe Mooney’ i nDroim Seanbhótha, ‘Scoil Acla’, ’Féila na Samhna i mBéal  Átha na Muice’, ‘Féile an Fhomhair i mBéal a’ Mhuirthead’ agus rl.
Tá sí díograiseach ag craobhscaoileadh an tseán nós i measc daltaí bunscoile in Iorrais faoi láthair. Tá a clann féin cumasach san amhránaíocht agus ag bualadh cheoil comh maith.