Bainseó

Dátá: Dé Sathairn 3 Feabhra 2024.
Ionad: Newport National School.
Clárú: 9.30am
Ceardlann: 10am - 1pm.

Bernie Conneely

Rugadh Bernie in Bedford, Sasana, agus ba as Iorras Fhlannáin, an Clochán, Co. na Gaillimhe a hathair. Sheinn a hathair, Mick Snr, an fhidil, an bosca ceoil agus an fheadóg stáin. Ba as Co. an Longfoirt a máthair Lizzie agus ba iontach an damhsóir céime í.
Bhí an ceol traidisiúnta mar chuid lárnach den saol sóisialta agus teaghlaigh araon. Chomh maith le foghlaim óna hathair, fuair Bernie ceachtanna ón gceoltóir agus múinteoir iomráiteach Brendan Mulkere; mar a rinne a deirfiúracha Kathleen, Pauline agus a deartháir, Mick Jnr.
Thar na blianta tá a cuid ceoil seinnte ag Bernie, tá moltóireacht déanta aici ag comórtais agus theagaisc sí ag ceardlanna iomadúla in Éirinn, san Eoraip agus i Meiriceá.

Brian Scahill

Duine de na ceoltóirí bainseó is fearr in Éirinn, is é Brian an seinnteoir bainseó le Banna Céilí Swallow’s Tail. Rinne Brian staidéar ar cheol sa choláiste agus mhúin sé ag scoileanna samhraidh éagsúla ar fud na hÉireann lena n-áirítear Scoil Samhraidh Willie Clancy.