Rince Seite

Dátá: Dé Domhnaigh 4 Feabhra 2024.
Ionad: Newport National School.
Ceardlann: 12pm - 3pm.
Ticéid ar Eventbrite nó ar an Doras.

Pádraig and Róisín Mc Eneany

Tá Pádraig agus Róisín ar bheirt de na múinteoirí rince seite is mó ráchairt agus is mó tóir a bhfuil ann. Is as Ard Mhacha Theas do Phádraig, agus is as Baile Átha Cliath dá bhean Róisín, ach tá siad ag cur fúthu anois in Áth na gCasán i gCo Lú. Tá siad ag damhsa le chéile ó casadh ar a chéile iad 34 bliain ó shin. Go deimhin, ba thríd an damhsa a tháinig siad le chéile den chéad uair, nuair a chuir cairde dá gcuid in aithne iad mar an “lánúin foirfe” ar an urlár rince agus taobh amuigh de. Rinne an bheirt acu staidéar ar an Rince Gaelach, ach nuair a bhuail siad leis an sárdhamhsóir seite, Connie Ryan, bhí an bheirt acu faoi gheasa ag Seiteanna Traidisiúnta na hÉireann. Bhí siad ina mbaill de Dhamhsóirí Seite Shliabh na mBan a chuaigh ar camchuairt ar fud na Stát Aontaithe in 1988 agus in 1991. Tá céimeanna déanta acu ag ócáidí éagsúla agus ar go leor clár teilifíse, lena n-áirítear an tsraith físeán “Come Dance with me in Ireland”. Tá dhá phacáiste DVD/CD curtha le chéile acu dar teideal “The Full Set’’ 1 & 2 lena ngrúpa “Faoi Do Chois”. Leanann siad orthu ag múineadh ceardlanna seachtainiúla ar fud na hÉireann agus tá máistir-ranganna tugtha acu i Meiriceá, sa Ríocht Aontaithe, an Iodáil, an Fhrainc, Dubai, an Ghearmáin, an Danmhairg, Ceanada, an Chorsaic agus go leor áiteanna eile. Tá cáil orthu as a gcoisíocht ealaíonta agus a n-aird ar mhionsonraí maidir le gnéithe speisialta gach seit aonair a chothabháil. Bíonn siad ag teagasc damhsóirí de gach aois agus cumas, ar bhealach suaimhneach cairdiúil.