Fidil
Dátá: Dé Sathairn 1 Feabhra 2025.
Ionad: Newport National School.
Clárú: 9.30am
Ceardlann: 10am - 1pm.

Diarmuid Gielty
Thosaigh Diarmuid ag seinm ar an bhfidil agus é ar dhuine de na chéad scoláirí a bhí páirteach in athbheochan Scoil Samhraidh Scoil Acla sa bhliain 1985. Le fada an lá tá sé ina bhall de Bhanna Píob Dhumha Acha agus bhí sé ina chathaoirleach agus ina fhórsa tiomána ar Scoil Acla ó 2006 go dtí 2017. Bhí baint mhór aige le hathbhunú Banna Fífeanna & Drumaí Dhumha Acha in 2018. Bhí sé ina léiritheoir feidhmiúcháin ar ghearrscannán dar teideal ‘Casadh na Taoide’ - tionscadal de chuid Fhéile Chruite Acla a rinne ceiliúradh ar na naisc láidre atá ag Acaill le hInis Bó Finne, Inis Toirc, Cliara agus Árainn Mhór i nDún na nGall.
Le linn dó a bheith ar shiúl ó Acaill sheinn Diarmuid go rialta le ceoltóirí aitheanta ar nós Francie Mooney, Dermot Byrne, Maireád Ní Mhaonaigh agus Muireann Nic Amhlaoibh. Sheinn Diarmuid ag ceolchoirmeacha Fhéile Chruite Acla in 2016, 2017 agus 2018 in éineacht le healaíontóirí den scoth lena n-áirítear Allan McDonald, Mary MacMaster agus Donald Hay (Alba), Jean-Michel Veillon agus Erwan Menguy (An Bhriotáin), Anxo Lorenzo, Xabier Diaz (Gallica) agus Steve Cooney (Éire). Thar na blianta tá Diarmuid tar éis a bheith mar cheoltóir ancaire agus treoraí do thurais Wild Atlantic Music nuair a thugann siad cuairt ar Acaill. Go dtí seo tá fáilte curtha aige roimh Eileen Ivers, John Whelan agus Kevin Burke go hAcaill, áit ar eagraigh sé agus ar sheinn sé i seisiúin leo. Tá go leor ceoil seinnte aige agus neart agallaimh déanta ag Diarmuid don raidió agus don teilifís - TG4, RnaG agus RTÉ ina measc.

Jesse Smith
Jesse was born into a musical family in Baltimore, where he was immersed in a thriving Irish music tradition. His mother, Donna Long, has recorded and performed with Brendan Mulvihill and Cherish the Ladies. His dad, John, plays the guitar and sings American music. Jesse started playing the fiddle at an early age, learning from Mulvihill, a renowned fiddle player and teacher.
Jesse has recorded some well-received duet albums and has taught and performed at numerous festivals in Ireland, Europe, and America.
He now lives on Arranmore Island, Co. Donegal. Along with his wife Fiona Ní Ghloinn and her family, he organises Féile Róise Rua, an annual traditional music and singing festival that celebrates the life of Róise Rua or Róise na nAmhrán (1879-1964), one of Ireland's pre-eminent sean nós singers.
