Píb Uilleann

Dátá: Dé Sathairn 3 Feabhra 2024.
Ionad: Newport National School.
Clárú: 9.30am
Ceardlann: 10am - 1pm.

Fionnán Mac Gabhann

Is píobaire uilleann as Baile an Teampaill, Baile Átha Cliath é Fionnán Mac Gabhann. Rugadh a mháthair i mBaile Uí Fhiacháin. D’fhoghlaim sé an phíb óna athair Ultan nuair a bhí sé óg, agus ina dhiaidh sin, chuaigh sé chuig ranganna le píobairí éagsúla ag ceannáras na bPíobairí Uilleann i Sráid Henrietta. Tá a chuid ceoil go mór faoi thionchar na bpíobairí móra, leithéidí Willie Clancy, Séamus Ennis, Michael Carney agus Seán McKiernan. Bíonn Fionnán ag múineadh agus ag seinm ar fud na hÉireann, san Eoraip agus i Meiriceá mar cheoltóir aonair agus mar bhall den ghrúpa Skipper's Alley.