Bosca Ceoil
Dátá: Dé Sathairn 1 Feabhra 2025.
Ionad: Newport National School.
Clárú: 9.30am
Ceardlann: 10am - 1pm.

Fiachna Ó Mongáin
Boscadóir as Dumha Thuama i nGaeltacht Iorrais i dTuaisceart Mhaigh Eo is ea Fiachna Ó Mongáin. Bronnadh Gradam Ceoil TG4 ar Fhiachna sa bhliain 2007 (Ceoltóir Óg na Bliana) agus bhí tionchar mór ag ceoltóirí ina cheantar féin - cuid atá imithe romhainn agus cuid atá fós ar an bhfód - agus leithéidí Joe Cooley, Tony MacMahon agus Des Mulkere ar a stíl bhoscadóireachta. Tá ceol Fhiachna le cloisteáil ar roinnt taifeadtaí, ina measc an cnuasach “Tunes in the Church”, “Amhráin Iorrais” agus “Ceol Mhaigh Eo”.

Liam Mac Congáil
Is as Gaeltacht Iorrais é Liam, ceantar atá ar maos le ceol an bhosca ceoil. Thosaigh sé ag bualadh ceoil agus é sé bliana d’aois, faoi stiúradh a shin-sheanmháthar. Lean sé air ag seinm ar scoil nó go ndeachaigh sé chuig David Munnelly le haghaidh ranganna. Bhí an-tionchar ag ceoltóirí Iorrais ar a chuid ceoil agus tá an-dúil aige sa gceol traidisiúnta a taifeadadh sna Stáit Aontaithe sna 1920aidí.
