Fliúit

Dátá: Dé Sathairn 3 Feabhra 2024.
Ionad: Newport National School.
Clárú: 9.30am
Ceardlann: 10am - 1pm.

Iarlaith Mac Gabhann

As Baile an Teampaill i mBaile Átha Cliath, thosaigh Iarlaith ag foghlaim na feadóige móire agus é 10 mbliana d’aois, agus d’fhreastail sé ar ranganna le múinteoirí éagsúla ag ceardlanna agus ag féilte ar fud na tíre. Tá ceangal láidir ag Iarlaith le Baile Uí Fhiacháin ó rugadh agus tugadh a mháthair, Teresa Hoban, ar Shráid Sheoirse.
Nuair a bhí sé 15 bliana d'aois thosaigh Iarlaith ag freastal ar cheachtanna leis an bhfliúiteadóir ó Bhéal Feirste, Harry Bradley, duine a d’imir ról lárnach agus é ag forbairt mar cheoltóir. Tá ceol Iarlaith go mór faoi thionchar cheoltóirí na feadóige móire, leithéidí Eddie Maloney, Jack Dolan, Tom Morrison, Peter Horan, Seamus Tansey agus Roger Sherlock, gan ach roinnt bheag a lua. Tá ceol seinnte ag Iarlaith ag mórán féilte lena n-áirítear Cruinniú na bhFliúit in 2019 agus mhúin sé ag féilte ar nós Festival Interceltique de Lorient. Tá Iarlaith ina ball den bhanna ceoil Nuadán freisin, a d’eisigh a n-albam  “Dén Díobháil” in 2020, albam a fuair ardmholadh ó léirmheastóirí. Tá mórán taistil déanta aige freisin lena chuid ceoil, chuaigh sé ar camchuairt le déanaí leis an mboscadóir, Conor Connolly. Tá BSc sa Ghéineolaíocht ag Iarlaith ó Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus in 2021 bhain sé céim MSc sa Bhithfhaisnéisíocht agus sa Bhitheolaíocht Ríomhaireachtúil amach ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá Iarlaith fostaithe faoi láthair mar Chúntóir Digitithe Fuaime ag Taisce Cheol Dúchais Éireann (ITMA).

Geraldine McNamara

Is fliúiteadóir í Geraldine McNamara as Contae an Chláir a bhfuil ardmholadh faighte aici. Is múinteoir ceoil den chéad scoth í Geraldine agus tá lúcháir orainn í a bheith i mBaile Uí Fhiacháin don deireadh seachtaine.

Tim McHugh

Is fliúiteadóir é Tim McHugh as Baile Uí Fhiacháin i gCo. Mhaigh Eo. Tá ceol, amhránaíocht agus rince traidisiúnta na hÉireann mar chuid dá theaghlach ar an dá thaobh leis na glúnta. Thosaigh sé ag foghlaim ceol traidisiúnta agus é thart ar 9 mbliana d’aois, agus ina dhiaidh sin, agus é ina dhéagóir, thosaigh sé ag seinm go háitiúil i seisiúin agus ag foghlaim ceoil ó cheoltóirí áitiúla Mhaigh Eo. Agus é ag staidéar agus ag obair mar innealtóir i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath bhíodh sé ag seinm go rialta ag seisiúin, ag foghlaim ceoil ó cheoltóirí ó cheann ceann na tíre. D’fhoghlaim sé an chuid is mó dá cheol go neamhfhoirmiúil óna mhuintir agus óna chairde. Tá tionchar mór ag ceol fidle agus fliúite Oirthear Mhaigh Eo agus Shligigh Theas air. Bhí sé ag seinm agus ag múineadh ar fud na hÉireann, ar fud na hEorpa, i Meiriceá agus fiú ar thuras go dtí an Afraic! In 2012, bronnadh Bonn Óir Sheáin Uí Riada de chuid Raidió na Gaeltachta air, mar chuid den tsraith Cuireadh Chun Ceoil.