Cruit

Dátá: Dé Sathairn 3 Feabhra 2024.
Ionad: Newport National School.
Clárú: 9.30am
Ceardlann: 10am - 1pm.

Gráinne Hambly

Is as Contae Mhaigh Eo í Gráinne, ceoltóir atá aitheanta go hidirnáisiúnta ar an gcruit Ghaelach, agus bíonn an-éileamh uirthi mar thaibheoir agus mar mhúinteoir, sa bhaile agus thar lear. Thosaigh Gráinne ag seinm ceol Gaelach ar an bhfeadóg stáin nuair a bhí sí óg, sular bhog sí ar aghaidh go dtí an consairtín agus ina dhiaidh sin chuig an gcruit. Bhí cónaí uirthi i mBéal Feirste ar feadh sé bliana, áit ar bhain sí amach Máistreacht sa Cheoleolaíocht ó Ollscoil na Banríona (1999). Ba é an príomhábhar taighde a bhí aici ná na bailiúcháin cheoil agus an chruit in Éirinn san 18ú haois. Tá Dioplóma Iarchéime san Oideachas (Ceol) ó Ollscoil Luimnigh aici freisin.
Tá Gráinne ag seinm go gairmiúil mar cheoltóir aonair le 20 bliain anuas, agus sheinn sí ag ócáidí éagsúla sa Ghearmáin, sa Fhrainc, san Iodáil, san Eilvéis, sa Bhrasaíl, sa Cholóim, in Iosrael, agus sa tSeapáin, chomh maith le bheith ar camchuairt go forleathan sna Stáit Aontaithe, ag tabhairt ceolchoirmeacha, ceardlanna agus máistir-ranganna. Tá camchuairteanna agus taifeadtaí déanta aici le healaíontóirí éagsúla, ina measc Ceolfhoireann Chruite Bhéal Feirste, Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus Irish Christmas In America.
Tá moladh mór faighte aici as a léirithe beo agus as a cuid ábhar taifeadta, a léiríonn an rud ar a dtugtar ‘máistreacht iomlán ar an gcruit Ghaelach’. Aithnítear í as an gcaoi a seinneann sí foinn mhalla go híogair agus go léiritheach, chomh maith lena léiriú dinimiciúil ar cheol rince. Léiríonn seinm Gráinne raon iomlán na huirlise seo. Tá saineolas aici ar cheol traidisiúnta na hÉireann a mhúineadh de réir na cluaise agus cuireann sí ceachtanna príobháideacha agus dianteagasc ar fáil ina teach féin, chomh maith le bheith ag teagasc ag scoileanna samhraidh bliantúla éagsúla agus féilte cruite, Scoil Éigse ina measc. Tá sí ina comhstiúrthóir freisin ar Ensemble Cruite Mhaigh Eo de chuid Music Generation, grúpa de 30 cruitirí óga idir 10-18 mbliana d’aois.
Tá ceol Ghráinne le cloisteáil ar roinnt taifeadtaí mar aoi-ealaíontóir agus mar thionlacaí. Tá trí dhlúthdhiosca aonair eisithe aici a bhfuil moladh mór faighte acu, agus dhá leabhar de chóirithe. Is é an comhoibriú is déanaí atá déanta aici ná leis an gcruitire Albanach, William Jackson, a mbíonn sí ar camchuairt go minic leis. Tá ceol taifeadta acu - Music from Ireland and Scotland (2009) - agus roinnt cóirithe foilsithe acu don ensemble cruite.

Laoise Kelly

Is as Cathair na Mart don chruitire Laoise Kelly agus tá cónaí uirthi anois ar Oileán Acla. D’fhoghlaim sí a cuid ceoil sa bhaile agus ó laochra móra áitiúla mar John Hoban, Pat Friel, Liam Grealis agus Jennie Kilroy. Sa bhliain 2020, bronnadh Gradam Ceoil TG4 uirthi mar Cheoltóir na Bliana. Tá trí albam aonair agus dhá dhé-albam taifeadta aici - ceann leis an bhfidléir, Michelle O’Brien, agus ceann leis an bpíobaire uilleann, Tiarnán Ó Duinnchinn. Bhí Laoise ar dhuine de bhunaitheoirí na ngrúpaí traidisiúnta ‘Bumblebees’, agus ‘Fiddletree’ - grúpa de cheoltóirí as Meiriceá, Ceap Breatainn agus Albain a sheinneann ocht n-uirlis éagsúla atá déanta as an gcrann céanna. Bíonn sí ag comhoibriú go rialta le Tiarnán Ó Duinnchinn, leis an bhfidléir Tola Custy, na boscadóirí, Breanndán Ó Beaglaoich agus Josephine Marsh, an fidléir Tara Breen, agus an t-amhránaí Nell Ní Chróinín. Tá an domhan siúlta ag Laoise lena cruit agus í ag seinm agus ag teagasc.
“Her right hand fires out tunes with a fluidity, creativity and clarity that has revolutionised the harp as a solo instrument; her left hand is the source of a new voice in the world of accompaniment and groove, rooted in her engagement with the contemporary world of guitar, bouzouki, bodhrán and keyboard while being distinct in its own right. Laoise has made it OK for a harp to sit in the center of the session and be the heart of the trad band headlining the festival.” 
– Niall Keegan, Dámh Chruinne Éireann, Ollscoil Luimnigh