Feadóg Stáin
Dátá: Dé Sathairn 1 Feabhra 2025.
Ionad: Newport National School.
Clárú: 9.30am
Ceardlann: 10am - 1pm.

Christina Heneghan
Tógadh Christina ar an Talamh Bán, in aice le Cluain Cearbán, i dteach lán ceoil. Tá an fheadóg stáin á seinm aici chomh fada agus is cuimhin léi. Bhíodh a hathair, Sheamus Heneghan, i gcónaí ag ceol léi féin agus lena deartháireacha sa bhaile agus iad ag fás aníos, agus na poirt á dtabhairt aige dóibh go neamhfhoirmiúil agus iad á bhfoghlaim ón gcluas. Mhúin an ceoltóir iontach as Sligeach, Mary Finn, ceol di chomh maith. Bhí tionchar ag Féile Chois Cuain ar a cuid ceoil, go háirithe agus í sna déaga.
Bhí cónaí ar Christina in áiteanna éagsúla, lena n-áirítear Nua-Eabhrac, Maigh Nuad, Baile Átha Cliath, Inis agus Gaillimh, agus dá bharr sin, chuir sí go mór lena gréasán ceoil, ag seinm ag seisiúin agus ag freastal ar fhéilte ar fud an domhain. Agus í ina cónaí i nGaillimh, bhí baint aici leis an tsraith Tunes in the Church i Séipéal San Nioclás. D’fhill Christina ar Chluain Cearbán tuairim is deich mbliana ó shin agus seinneann sí go rialta sna seisiúin áitiúla. Tógadh Christina le meas mór ar na hoileáin, ar a muintir agus ar a gcuid ceoil, agus go dtí an lá inniu leanann sí uirthi de bheith ag ceol ag seisiúin i rith an tsamhraidh ar Chliara. Ní haon strainséir í Christina do Bhaile Uí Fhiacháin. Bhí Christina agus a deartháireacha le cloisteáil ar albam a n-athar “Caught in the Surf”.

Róisín Ní Chróinín
Tá Róisín ag seinm ar an bhfeadóg mhór le beagnach 20 bliain anois. Tá Fleadh Cheoil na hÉireann buaite aici. Baineann Róisín sult as gach seánra ceoil agus tá sí ag seinm i mbanna ceoil tíre/bailéad Gaeilge darb ainm Hup le 3 bliana anuas. Cumann Róisín ceol agus bíonn tionchar ag gach cineál ceoil uirthi.
