Consairtín

Dátá: Dé Sathairn 3 Feabhra 2024.
Ionad: Newport National School.
Clárú: 9.30am
Ceardlann: 10am - 1pm.

Bernie Geraghty

Is as Baile an Daighin, baile beag i gContae Mhaigh Eo, Bernie Geraghty. Is ceoltóir agus múinteoir í Bernie a bhfuil ardmheas uirthi, agus í tar éis ceol a mhúineadh ar fud Chonnacht le blianta fada. Is ceoltóir cumasach í a sheinneann uirlisí éagsúla agus tá cáil uirthi mar mhúinteoir ceoil den chéad scoth i Maigh Eo agus i dTuaisceart na Gaillimhe.

Séamus Ó Mongáin

Is as Dumha Thuama, i nGaeltacht Iorrais i dTuaisceart Mhaigh Eo Séamus Ó Mongáin, agus tá sé ag seinm ar an gconsairtín le breis agus fiche bliain anois. Tá ardmheas ar Shéamus mar cheoltóir agus mar mhúinteoir ceoil, tá go leor ceoil múinte agus léirithe aige anseo in Éirinn agus thar lear, agus tá sé le cloisteáil ar albaim ar nós “Amhráin ó Iorrais” agus “West to East.” Tá a chuid ceoil go mór faoi thionchar a chomhghleacaithe i dTuaisceart Mhaigh Eo, chomh maith le Noel Hill, Tony McMahon, Des Mulkere agus go leor eile. Tar éis dó filleadh ar a dhúchas i Maigh Eo, tar éis bheith ina chónaí i mBaile Átha Cliath ar feadh scór bliain, tá an-áthas air a bheith ag seinm i measc na gceoltóirí áitiúla arís.